Eolas Faoin suíomh seo

Corpas na Gaeilge Scríofa

Is corpas den Ghaeilge scríofa amháin é Corpas na Gaeilge Scríofa (CGS) a bhfuil 131 milliún focal ann. Oirfidh CGS don té atá ag iarraidh téacsanna scríofa a scrúdú a bhfuil eagar curtha orthu. Go hiondúil, bíonn téacsanna den sórt sin níos caighdeánaí ná sonraí scríofa níos neamhfhoirmiúla amhail postálacha ar na meáin shóisialta, ábhar atá le fáil go flúirseach i gCorpas Náisiúnta na Gaeilge.

Meastar go mbeidh an corpas seo níos úsáidí don fhoghlaimeoir tosaigh nó don té atá ag scríobh nó ag aistriú de réir an Chaighdeáin Oifigiúil agus atá ag iarraidh an dóigh a n-úsáidtear focal nó frása áirithe a sheiceáil.

Tagann an corpas seo i gcomharbacht ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha a bhí bunaithe ar na prionsabail chéanna agus a raibh líon ard úsáideoirí dílse aige. Ní miste a lua go bhfuil téacsanna aistrithe san áireamh in CGS, rud nach raibh i gceist le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha.

Is corpas neamhchothromaithe é CGS agus beifear ag cur leis gach bliain lena choinneáil cothrom le dáta.